Corn Chiain 2019/2020

2019/20 Buaiteoir na bliana ná Áine Fairbanks
Cailín álainn, cineálta le croí ollmhór. Léirigh sí a cineáltas le gach duine. Ba cara álainn í. Chrom sí síos go minic chun cuidiú lena daoine óga sa scoil agus labhair sí go homósach leo. Chuir sí a seacht ndícheall san obair scoile agus obair bhaile i gcónaí. Theastaigh uaithi i gcónaí an rud ceart a dhéanamh. Léirigh sí Críostaíocht le gach duine i gcónaí agus thacaigh sí le gach ócáid Eaglaise. Thaispeáin sí dúinn spiorad an Idircreidmheach. Go raibh maith agat Áine.