Parents’ Committee

“Eagraíonn muid ócáidí soisialta agus bímid ag tiomsú airgid don scoil, chun go féidir go leor imeachtaí deasa a chur ar siúl dona páistí sa scoil”

“We organise some social events for school and help raise funds for the school, to enable our children to do lots of lovely things!”

Bunreacht Chumann na dTuismitheoirí (The CONSTITUTION of the PARENT ASSOCIATION):

Cé hiad?

Paul Mahon (Cathaoirleach)
Páistí i Rang 1 agus Rang 4
coiste.gsnl@gmail.com
Greg Dunne
Páistí i N. Bheaga agus Rang 3
Enda O’Donoghue
Páiste i Rang 5
Barra De Róiste
Páiste i Rang 3
Emma-Jane Boyd
Páiste i N. Mhóra
Simon Dunne
Páistí i N. Bheaga agus Rang 1
Claire Behan
Páistí i N. Mhóra, Rang 3 agus Rang 5
Sandra Behan
Páisté i Rang 5
Aoife O’Neill-Hill
Páistí i Rang 1, Rang 3 agus Rang 6
Marina Thinnes
Páiste i N. Mhóra
Catriona Byrne
Páistí i N. Mhóra, Rang 1 agus Rang 5
Aisling Ní Mhaolmhuaidh
Páistí i N. Bheaga agus Rang 3

Cad é Coiste na dTuistí?
Is é Coiste na dTuistí an Coiste gníomhach atá ag Cumann Tuismitheoirí na Gaelscoile. Foireann tuismitheoirí/caomhnóirí atá ann atá tofa ag baill an Chumainn. Tá an Coiste freagrach as gníomhaíochtaí an Chumainn. Toghtar na baill gach bliain ag Cruinniú Cinn-bhliana an Chumainn. Tugtar cuireadh do gach tuismitheoir/caomhnóir sa scoil a bheith i láthair.

An Ghaeilge
Mar gurb í an Ghaeilge teanga chumarsáide na Gaelscoile, déanann an Coiste iarracht Gaeilge a úsáid nuair is féidir ina gcuid gníomhaíochtaí.

Réasúnaíocht an Chumainn
Tugann Cumann na dTuismitheoirí structúr do thuismitheoirí na scoile a chuireann ar a gcumas obriú le chéile ar mhaitheas oideachais na bpáistí. Oibríonn an Cumann leis an bpríomhoide, leis an bhfoireann agus leis an mBord Bainistíochta le comhoibriú a fhorbairt idir baile agus scoil.

Aidhm an Chumainn
An aidhm atá ag Cumann na dTuistí ná deis a thabhairt do thuismitheoirí a bheith páirteach sa phróiséis ina gcuirtear an t-oideachas is fearr ar fáil dá gcuid páistí.
Cuireann an Cumann le maitheas na bpáistí i dteannta leis an mBord, an Príomhoide, na múinteoirí agus na scoláirí mar atá leagtha amach san Acht Oideachais 1998.

Ballraíocht an Chumainn
Is baill den Chumann iad gach tuismitheoir/caomhnóir de pháiste atá ag freastal ar Ghaelscoil na Lochanna.

Cruinniú Cinn-bliana an Chumainn
Reachtálfar cruinniú cinn-bliana Cumainn na dTuistí i Mí Meán Fomhair gach bliain.

Ballraíocht an Choiste

  • Toghfar baill den Choiste gach bliain ag AGM Cumainn na dTuistí.
  • Is féidir le haon bhall den Chumann a bheith ainmnithe don toghchán.
  • Beidh deichniúr ar an gCoiste, (ar a laghad seisear).
  • Fágfar 3 áit ar a laghad do bhaill nua.
  • Is baill den Choiste iad an bheirt tuismitheoirí a shuíonn ar an mBord Bainistíochta.
  • Toghfar baill den Choiste gach bliain ag AGM Cumainn na dTuistí.
  • Is féidir le haon bhall den Chumann a bheith ainmnithe don toghchán.
  • Beidh deichniúr ar an gCoiste, (ar a laghad seisear).
  • Fágfar 3 áit ar a laghad do bhaill nua.
  • Is baill den Choiste iad an bheirt tuismitheoirí a shuíonn ar an mBord Bainistíochta.
  • Ní bheidh post mar oifigí acu.
  • Toghfar ball ar feadh bliana. Is féidir le ball a bheith tofa ar feadh bliana eile (má tá páiste fós sa scoil acu).
  • Is féidir le gach ball den Chumann a thagann go dtí an AGM vótáil ag an gcruinniú.

Cúrsaí Airgid
Eagraíonn Coiste na dTuistí imeachtaí éagsúla i rith na bliana le hairgead breise a bhailiú ar mhaithe na scoile. Leis an airgead seo, is féidir leis an scoil rudaí breise a fháil a chuireann le hoideachas na bpáistí agus áiseanna na scoile.

Go dáta, chabhraigh an Cumann le ceannach

· Fearas spóirt
· Uirlisí ceoil
· Seomra breise (an Halla) i gCill Moloma
· Uaireanta breise múinteoireachta
· agus eile!

Tá an Bord Bainistíochta freagrach as an airgead a thagann isteach. Tá cuntas mion-airgid ag an gCoiste le cur ar a chumas imeachtaí a eagrú.

Cé go bhfuil bailiú airgid tábhachtach don scoil, tá níos mó ag baint leis an gCumann ná sin amháin! Cabhraíonn an Coiste leis an scoil imeachtaí eile do pháistí nó do thuismitheoirí a eagrú i rith na bliana chomh maith.

Conas gur féidir cabhrú?
Seo é do sheans páirt a ghlacadh in oideachas do pháiste trí bheith gníomhach i gCumann na dTuistí sa scoil. Is féidir teacht isteach mar bhall Coiste na dTuistí ag AGM an Chumainn.

Muna bhfuil an t-am agat bheith gníomhach sa Choiste, is féidir tacaíocht a thabhairt do imeachtaí a eagraíonn an Coiste i rith na bliana. Téigh i dteagmháil le ball an Choiste má cheapann tú gur féidir leat cabhrú le hobair an Choiste ar aon bhealach. Bíonn an Coiste i gcónaí buíoch do thuismitheoirí a chabhraíonn leo, ó thaobh ama, seirbhíse nó airgid de.

Ba mhaith leis an gCumann leanúint le spiorad iontach scoile a chothú – “scoil ata níos mó ná scoil”. Go raibh maith agat as tacaíocht a thabhairt dúinn.