Ráiteas ón mBord Bainistíochta – Bealtaine 2017

Bhuail an Bord le chéile Dé Luain, 29 Bealtaine 2017 (The Board met on Monday, 29 May 2017)

Foireann na Scoile (School Staff)
Guíonn an Bord ádh mór ar Mhúinteoir Niamh Thorp a bheidh ag fágáil na scoile ag deireadh na scoilbhliana. Tá dhá phost múinteoireachta buan le líonadh don scoilbhliain seo chugainn.
(The Board extends its best wishes to Múinteoir Niamh Thorpe, who will be leaving at the end of the school year. There are two permanent teaching posts to be filled for the coming school year.)

Éide Scoile (School Uniform)
Phléigh an Bord Ciorcalán 32, a d’eisigh an Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí. Lorgóidh an Bord tuairimí na dtuismitheoirí i leith an éide scoile i rith na scoilbhliana seo chugainn. Tá sé éigeanntach an éide scoile atá ar fáil faoi láthair a cheannach go fóill, agus pé cinneadh a dhéanfar ar ball maidir le héide scoile, go mbeidh an éide reatha fós inghlactha.
(The Board discussed Circular 32, which the Department of Education and Skills published recently. The Board will seek parents’ opinions regarding the school uniform during the coming school year. It is still necessary to purchase the present uniform, and no matter what decision is made later regarding the school uniform, the current uniform will still be accepted.)

Féilire 2017-2018 (2017-2018 Calendar)
Foilseofar féilire na scoilbhliana seo chugainn roimh laethanta saoire an tsamhraidh. Tá sé socraithe cheana féin go bhfillfidh daltaí ar scoil tar éis an tsamhraidh ar an Máirt, 29 Lúnasa.
(The calendar for the coming school year will be published before the summer holidays. It has already been decided that pupils will return to school after summer on Tuesday 29 August.)

Ceiliúradh 10 mBliana: ag Breathnú Romhainn (10-Year Celebration: Looking to the Future)
Tá an Bord ag tnúth le tréimhse deich mbliana ar an bhfód a cheiliúradh ar an Aoine 9 Meitheamh. Is cúis imní dóibh é, áfach, nach bhfuil tásc ná tuairisc ar fhoirgneamh nua – tá drochbhail ag teacht ar na foirgnimh sealadacha atá againn, agus tá deireadh an léasa ag druidim linn. Táthar ag lorg tacaíochta ó phobal na scoile, dá bharr sin, le feachtas a chur ar bun chun foirgneamh buan a lorg.
(The Board is looking forward to celebrating 10 years of being in existence. It is a matter of concern, however, that is there is no sign of a new building – the pre-fabricated buildings that we have are falling into disrepair, and the end of the lease is fast approaching. The school community is, therefore, being asked for its support to campaign for a permanent building.)

Polasaithe (Policies)
Rinneadh formheas ar pholasaí Sábháilteachta na scoile, agus pléadh dréachtpholasaí Tacaíocht Foghlama.
(Safety policy was approved, and a draft Learning Support policy was discussed.)

Cúrsaí Airgid (Financial Matters)
Ba mhaith leis an mBord buíochas ó chroí a ghabháil le Coiste na dTuistí a sháraigh an sprioc a bhí acu agus iad ag tiomsú airgid ar son na scoile i mbliana. Déanfar machnamh anois ar an mbealach is fearr chun é a ath-infheistiú in oideachas agus chun leasa na bpáistí.
(The Board wishes to thank the Parents’ Committee who exceeded their target while fundraising on behalf of the school this year. Consideration will now be given to how best to reinvest it in the education and to the benefit of the children.)

Buailfidh an Bord le chéile arís Dé Máirt, 27 Meitheamh 2017
(The Board will meet again on Tuesday, 27 June 2017)

You may also like...